Scéal suimiúil eile fá Dhónall Ó Conaill nuair a d’fhiach na Sasanaigh an nimh a chur ina chupa. Bhí sé thall i bparlaimint Shasana agus bhí siad ag iarraidh déanamh ar shiúl leis.
An girseach a d’inis do go raibh nimh ina chupa trí rán a d’inis sí do. “A Dhónaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaeilge? Tuigim a chailín, caidé sin is léir duit? Tá oiread nimhe in do chupa agus a mharódh na céadtaí.” D’athraigh sé a chupa thart le fear eile agus maraíodh an fear eile.
Bhí an scéal sin ar an scoil aige le cois rudaí eile. | 00:03:02 | |